Forbairt teicneolaíochta príobháideachta foinse oscailte, rud a chosnaíonn saoirse cainte agus a chumasaíonn cumarsáid dhomhanda shlán.

Ár Misean

Chun teicneolaíocht príobháideachta foinse oscailte a fhorbairt, rud a chosnaíonn saoirse cainte agus a chumasaíonn cumarsáid dhomhanda shlán.

Príobháideacht an Tosaíocht

Lenár dtáirge suaitheanta, Signal Messenger, is é ár mbarúil go gcosnaítear do shonraí lenár bpríobháideacht d'úsáideoirí ar lámha aon duine, orainne chomh maith, seachas do shonraí a bhainistiú “ar bhealach freagrach”.

Foinse Oscailte

Mar bhall tiomanta den phobal foinse oscailte, foilsímid ár dteicneolaíocht agus comhroinnimid ár n-eolas chun cuideachtaí eile a spreagadh chun é a ghlacadh ina gcuid táirgí agus seirbhísí féin.

Neamhbhrabúis

Eagraíocht neamhbhrabúis 501c3 is ea é Signal Foundation. Is cúis bhróid dúinn as an ainmniú sin agus táimid meáite ar chruthú gur féidir le cuideachta neamhbhrabúis nuálaíocht agus forbairt a dhéanamh chomh maith le haon ghnó atá spreagtha chun brabús a ghnóthú.

Cén fáth Fondúireacht + Struchtúr Cuideachta faoi dhliteanas teoranta?

Bhunaímid Signal Foundation mar mháthairchuideachta de chuid Signal Messenger toisc go bhfuilimid ag tnúth le tionscadail eile um chaomhnú príobháideachais a chur chun cinn amach anseo a bhfuil an misean céanna acu.

Saor in aisce do chách

Táimid ag brath ar thacaíocht an phobail chun Signal Messenger a sheachadadh mar aip saor in aisce ag na milliúin ar fud an domhain. An mbeidh tú sásta tacú leis an gcúis?

Cén fáth Fondúireacht + Struchtúr Cuideachta faoi dhliteanas teoranta?

Bhunaímid Signal Foundation mar mháthairchuideachta de chuid Signal Messenger toisc go bhfuilimid ag tnúth le tionscadail eile um chaomhnú príobháideachais a chur chun cinn amach anseo a bhfuil an misean céanna acu.

Saor in aisce do chách

Táimid ag brath ar thacaíocht an phobail chun Signal Messenger a sheachadadh mar aip saor in aisce ag na milliúin ar fud an domhain. An mbeidh tú sásta tacú leis an gcúis?

Comhaltaí an Bhoird

Cur síos ar Brian Acton

Brian Acton

Fiontraí agus ríomhchláraitheoir ríomhaireachta is ea é Brian Acton a chomhbhunaigh an aip curtha teachtaireachtaí WhatsApp in 2009. Tar éis an aip sin a dhíol le Facebook in 2014, shocraigh Acton imeacht as an gcuideachta mar gheall ar dhifríochtaí a bhain le húsáid sonraí custaiméirí agus le fógraíocht dhírithe chun a chuid iarrachtaí a dhíriú ar fhiontair neamhbhrabúis. I mí Feabhra 2018, d’infheistigh Acton $50 milliún dá chuid airgid féin chun an Signal Foundation a bhunú in éineacht le Moxie Marlinspike. Eagraíocht neamhbhrabúis is ea é Signal Foundation atá tiomanta don obair bhunúsach a dhéanamh d'fhonn cumarsáid phríobháideach a dhéanamh inrochtana, slán uileláithreach.

Sular bhunaigh sé WhatsApp agus Signal Foundation, d’oibrigh Acton mar thógálaí bogearraí ar feadh breis agus 25 bliain i gcuideachtaí amhail Apple, Yahoo, agus Adobe.

Cur síos ar Moxie Marlinspike

Moxie Marlinspike

Bunaitheoir Signal is é Moxie Marlinspike.

Cur síos ar Meredith Whittaker

Meredith Whittaker

Uachtarán ar Signal is í Meredith Whittaker agus mar chomhalta an Bhoird Stiúrthóirí de chuid Signal Foundation.

Tá breis agus 17 mbliana de thaithí aici sa teicneolaíocht sa tionsclaíocht, sa saol acadúil agus i gcúrsaí rialtais. Sula ndeachaigh sí in Signal mar Uachtarán, bhí sí ina hOllamh Taighde Minderoo ag NYU, agus mar Stiúrthóir Dáimhe ar an AI Now Institute a chomhbhunaigh sí. Bhí a cuid taighde agus obair léannta ina gcuidiú le beartas domhanda Intleachta Saorga a mhúnlú agus an scéal poiblí ar IS a athrú chun aitheantas níos fearr a chur ar chleachtais ghnó maidir le faireachais agus do chomhchruinniú acmhainní tionsclaíocha a éilíonn IS nua-aimseartha. Roimh NYU, bhí sí ag obair in Google breis agus deich mbliana, áit a raibh sí mar cheannaire ar fhoirne táirgí agus innealtóireachta, bhunaigh sí Open Research Group, agus chomhbhunaigh M-Lab, ardán tomhas líonra dáilte domhanda a sholáthraíonn an fhoinse is mó ar domhan sonraí oscailte ar fheidhmíocht Idirlín. Chuidigh sí mar cheannaire chun Google a eagrú chomh maith. Bhí sí ar dhuine de na príomheagraithe a bhrúigh i gcoinne freagra neamhleor na cuideachta maidir le himní faoi IS agus an baol a bhain léi, agus bhí sí ina heagraí lárnach ar Shiúl Amach na n-oibrithe Google. Thug sí comhairle sa White House, san FCC, i gCathair Nua Eabhrac, Parlaimint na hEorpa, agus in go leor rialtas agus eagraíochtaí sochaí sibhialta maidir le príobháideachas, slándáil, intleacht shaorga, beartas an Idirlín, agus tomhas. Agus chríochnaigh sí le déanaí téarma mar Chomhairleoir Sinsearach ar IS don Chathaoirleach ag an US Federal Trade Commission.